Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 068
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fad ó agus dubhairt sé An béile ba dheise a itheas ríamh ná
tríocha brothóg
dosaon bric
agus goblach mór ime.
Bhí fear eile ag iascaireacht i gCúm Cailighe lá
Bhí an lá go maith cun iascaireachta
Bhí líne agus dá chuileóig deasa ar an slat iascaig aige.Nuair a tháinig sé abhaile an tráthnóna san bhí cisean bric aige agus dúbhairt sé
gach am do chaitheas an líne amach san uisce, do bheirinn ar trí cinn aca ar an dhá chuileóig. Bhí fear eile ag éisteacht leis an gcainnt agus do dhein sé sgart gáire Ó arsa an fear-iascaig ná bí ag gáire in aon chor. Bhíodh ceann in gach cuileóg agus bhíodh an iomad dúil cun na cuileóige san tríomhadh ceann go mbíodh sé sáithte istig idir an dhá ceann eile.Diarmaid Ó Donchadha, Ceathramhadh na hUamhan- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí