Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 146
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cúig ba sa bhaile ag m'athair. Purty, Black, Madam, Kerry and Daisy a tugaimí ortha. Habha, Habha, hí bó, bó a deireann m'athair nuair a bhíonn na ba á tiomáínt abhaile aige. Tá gamhna againn leis acht ní ghlaodhaimíd ortha acht sucí sucí, dearg agus sucí dubh. Cró na mbó a tugaimíd ar an tig in a mbíonn na ba irith an geimhridh. Aiteann clúduighthe le tuighe a cuirimíd mar leabaidh fés na buaibh san geimhreadh. Caitheann mo athair mórán ama san geimhreadh ag bainnt an aitinn le grafán.
obair cruaidh is eadh a bheith ag bainnt aitinn le grafán agus ní bhíónn aon fuacht ar an duine a bhíónn á bhainnt an lá is fuaire san geimhreadh.Ceangluighthear ar gcuid mbó le téad láidir ceangailte timcheall ar a muineáil. Ní bhíónn na gamhna istig ins an gcró céadhna leis na buaibh; bíonn cróítín fé leith cun na gamhna
Tá áit i bparóísta na Tuatha agus leabadh na bó a tugtar uirthe. Cros-bhóthar is eadh í agus tá plás glas í lár na croise, agus tugtar leabadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí