Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Tobar Beannaithe”
  4. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar beanuithe i gCúl Ruadh. Níl aon ainm air. Ní thugann cuairt air anois acht fadó thugaidís cuairt air nuair a bhíodh na stations ins an gCeanntar san. Siuabhaildís timcheall an tobair agus deiridís paidireacha. Ní bhíodh laetheannta speisíalta cun dul go dtí an tobar mar a bhíonn cun dul ar chuairt ar toibreacha beannuithe eile. Ta falla beag fós timceall an tobair agus tá sruthán beag ag rith amach as. Tá crann ag fás in aice an tobair agus deirtear dá ngeárrfadh duine géag den crann go mbéadh sé bacach i rith an cuid eile dá shaoghal.
    D. Ó Léain, Lios-Liath-Bhán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Léain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí
  2. Tá tobar beanuighthe i Seanarath agus glunóg a tugtar air. Tá sé suidhte ar bharr an bhaile agus ritheann sruthán thíos as, go dtí an abha - Fionn glaise. Tugann daoine cuairteanna, ar an tobar roimh eirighe na gréine ar maidin agus tar éis dul fé na gréine um tráthnóna.
    Fad ó thóg bean éigin galún uisce ón tobar agus chuir sí an tuisce sa chiteal igcóir an tae. Dá mbéadh an citeal ar an teine go dtí an lá indiú, ní bhéadh sé beirighthe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.