Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 055
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Stráice an Staimpí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sin é an stuif a Mháire ar seisean agus ní tae ná gcorcán.
Síobhán bean Mhic Gearailt
Lios-a-phúca , Co Chiarraighe - Stráice an Staimpí
Bhí fear in a chomhnuidhe in Doire i Lios-a-phúca fad ó agus tugadh Stráice an Staimpí mar leas-ainm air. Leath-amadáin a beadh é acht bhí a chiall féin aige. Fuair sé cuireadh dul go rinnce aon oidhche amháin, d’imthig sé agus bhí bheidhleadóir maith ann agus a lán cailíní agus buachaillí . Shuidh Stráice an Staimpí ar stól beag in aice an dorais agus ní raibh focal as. Ní raibh rinnce aige.
Bhí an-oidhche ag na cailíní agus na buachaillí acht fé dheire cheap na cailíní go mbeadh go mbainfidís píosa spóirt as Stráice. Bhailigh na gcailíní ina thimcheall agus tharracadar amach ar an urlar é. Do sheas cailín le na thaoibh cun rince. Thosnaig an bheidhleadóir ag seinm acht níor choruig Stráice. D’féach sé ar an bheidhleadóir agus do stad sé den ceoil.
“Tá an portsin ró-tapaidh dom” arsa Stráice
“Seinn suas copar agus iarann”
“Níor chuala riamh an tiúin sin ars an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Chiarraí