School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 105
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó thagadh fear go Ceathramhadh-na-hUamhain go minic. Muiris Seóigh ab ainm dó, de shiubhal a gcos a théigheadh sé ó áit go h-áit, agus bhíodh fáilte roimhe ins gach áit, mar d'innseadh sé scéalta agus eachtraithe. Fear léigheanta a beadh é agus fear-feasa leis. Do chruinnigheadh na comharsanna isteach gach oidhche ag éisteacht le na chuid cainnte.Feirmeóirí maithe a bhíodh i gCeathramhadh-na-hUamhain i gcomhnuidhe agus bhídís ag obair go dían ó cheann ceann na blíadna. Níor thaitn aon sórt oibhre le Muiris agus nuair a chíadh sé na fir ag bainnt prátaí roimh breacadh an lae deireadh sé
"tiocfaidh an lá fós go mbainfear na prátaí le h-inneal, gan aon troblóid."
Nuair do chíodh sé na fir ag bualadh coirce ins an sgioból le súistíbh agus ag árnáin go dtí a naoí a chlog ist oidhche, do leigeadh sé scairte gáire as agus deireadh sé
"Cídhfidh sibh an lá go ndeinfear an obair seo go léir i gcúpla uair an cluigh."Ag an am san ní raibh aon cuimhneamh ar rothair nó ar gluaisteáin agus deireadh sé go mbeadh trucaill ag rith go tapaidh ar na bóithribh gan aon capall. Dubhairt sé go mbeádh na buachaillí agus(continues on next page)- Informant
- Diarmad Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí