School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 262
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí righ ann fadó agus bí sé go h-ana láidir. Bí aon nidh amháin ag déanamh buartha dó, ná raibh aon clann aige agus ins an am san bí sean-draoi ag gach aon righ. Chuaidh sé go dtí an sean draoi agus dubhairt sé (?) go mbeainfead sé an ceann de mar a neósfadh sé dó cad é an cúis ná raibh clann ag a mhanoi.
"Níl aon ní le deanam agamsa duit" adubairt an sean draoi leis ach slat iascaig a thóaint leat maidin la ar na bháireach agus má mharbuigeann tú bradán tú féin agus do bean é d'ithe." Dimtig an rí lá ar na bháireach. Thóg sé an t-slat iascaig agus do mhairbh sé bradán agus d'iath sé féin agus a bhean é an oidhche úd agus i gceann trí ráithe on oidhche sin bí mac óg ag a mhanoi gur ghlaodach Donnchadh Mic an Bhradán air. Dimtig an righ lá ar na bháireach agus mhairbh sé bradán eile agus d'ith sé féin agus a bhean é agus i gceann trí ráithe eile bí mac eile óg ag a mhnaoi agus glaodhach Aodh Mhic an Bradáin air. Seadh, sin a raibh aige, ac an beirt. D'fhas an bheirt mhac suas chomh breág go raibh iongadh ag gach duine a chonnaic iad. Mar a mhorchadhadh (?) an lá iad morchadhadh an oidhche iad agus ní raibh dhá ubh (?) circe riamh com cosamhail le na chéíle leis an mbeirt. Deirigh (?) Donnchadh suas go raibh se bliain is fiche d'aois.- Collector
- Brighid Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí
- Informant
- Mícheál Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí