Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 328
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn lucht siubhail ag imtheacht ó áit go háit agus glaodhann siad go minic mór-timcheall an cheanntair seo. Fir óga agus mná óga iseadh cuid mhaith aca. Bíonn capail agus cairteacha aca. Bíonn earraí ag cuid aca á ndíol. Bíonn siad ag díol mataí, pictiúirí bheannuighthe, cnapaí, léinteacha, lásaí, bróga, scáthaín agus cathaoireacha a dheineann siad féin. Bíonn siad ag díol capall agus asal agus miúleanna chun airgead a dheunamh. Bíonn siad ag trádáil ar chapaill ag díol agus ag ceannach sé mar a thagann síad treasna.Codhluigheann siad ar thaobhanna an bhóthair. Deineann siad cábáin ins gach aon aít foithineach a gheibheann siad. Faghann siad féar nó tuighe agus deineann siad leabaidh ar an dtalamh fé'n gcairt agus is iad a chodhluigheann go suaimhneach agus go sámh ann. Bíonn siad cómh cómhpórdach agus dá beidís istig i bpárlás an Rí. Bíonn na mná ag siubhal ó thig go tig gach lá ag díol agus ag bailiú déírce. Bíonn siad ag lorg aráin, siúcre, bainne, práaí, té agus gach aon saghas rud dá bhfaghaidís iad. Dá dtabharfá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí