Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 002
- XML “Tráigh na mBan Marbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tráig na mBan MarbhA Mheirdreach mhaluighthe
Na feiceann tú do bhrat
Á sguabadh chun siúbhail
Ag Fear de mhuinntir Shéaghdha
Ó Thráig na mBan marbh. Mór seisear maighdean-mara a bhí taréis teacht isteach ó’n muir agus iad a’ ciorad a gcuid gruaige ar an dtráig. Chaith bean aca a brat uaithi ar an dtráig. Gaibh fear de muinntir Shéaghdha an treo, agus sguaib sé leis an brat is as go bráthach leis.
Nuair ná raibh a brat draoidheachta aici sin níor b’féidir dí dul a thuile fé’n muir agus lean sí Mac Uí Sheaghdha abhaile. Chómhnuig sí leis ar feadh seacht mbliadhan agus i rith na h-aimsire sin níor chualaidh aoinne gáir nó focal aistí.
Nuair tháing sé sin abhaile agus an brat aige, chuir sé i bfolach é i gcúl-lochta bí sa tig, agus i gcionn aga is aimsire d’imthig sé as gcuimhne glan.
Lá dá raibh sé ag glanadh anuas an cúl-lochta, buail an brat leis agus gan cuímhneamh chaith sé anuas ar an úrlár é. Bhí sise ag faire air. D'aithin sí an brat ag teacht anuas. Cuir sí gáire-athais aisti. Rug ar an brat agus amach an doras léithe, síos go dtí an tráig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás 'ac Eoin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Muirceartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Trian Garbh, Co. Chiarraí