Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Tráigh na mBan Marbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráig na mBan Marbh
    A Mheirdreach mhaluighthe
    Na feiceann tú do bhrat
    Á sguabadh chun siúbhail
    Ag Fear de mhuinntir Shéaghdha
    Ó Thráig na mBan marbh.
    Mór seisear maighdean-mara a bhí taréis teacht isteach ó’n muir agus iad a’ ciorad a gcuid gruaige ar an dtráig. Chaith bean aca a brat uaithi ar an dtráig. Gaibh fear de muinntir Shéaghdha an treo, agus sguaib sé leis an brat is as go bráthach leis.
    Nuair ná raibh a brat draoidheachta aici sin níor b’féidir dí dul a thuile fé’n muir agus lean sí Mac Uí Sheaghdha abhaile. Chómhnuig sí leis ar feadh seacht mbliadhan agus i rith na h-aimsire sin níor chualaidh aoinne gáir nó focal aistí.
    Nuair tháing sé sin abhaile agus an brat aige, chuir sé i bfolach é i gcúl-lochta bí sa tig, agus i gcionn aga is aimsire d’imthig sé as gcuimhne glan.
    Lá dá raibh sé ag glanadh anuas an cúl-lochta, buail an brat leis agus gan cuímhneamh chaith sé anuas ar an úrlár é. Bhí sise ag faire air. D'aithin sí an brat ag teacht anuas. Cuir sí gáire-athais aisti. Rug ar an brat agus amach an doras léithe, síos go dtí an tráig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Leitir Thoir, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Tomás 'ac Eoin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mícheál O Muirceartaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Trian Garbh, Co. Chiarraí