Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 004
- XML “Caisleán Uinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caisleán UinnCaisleán é seo atá suidhte tímcheall ceathrú míle ó sráid-bhaile Gleannbeithe, ar thaobh do láimhe clé, ar an mbóthar go Chathair-Saidhbhín. Níl ach na fothracha ag seasamh anios. Tíghearna talmhan darab ainm “Wynn” a chuir an caisleán ar bun. Síol na Normánach a bhí in Éirinn do b’eadh é.
Chuir sé roimis caisleán a thógaint mar na Caisleáin Normánacha a chuireadh ar bun ar fuaid na h-Éireann, chun dún cosanta a bheith chómh-maith le áit cómhnuighthe. Ar phlean na sean-caisleán a thógadh é, fallaí dúbalta ar an dtaobh istig, agus staighrí déanta de chlochaibh, fuinneóga beaga, dóirse láidre, chlós mór-timcheall, agus falla árd tímcheall ar sin airís, agus puill annso agus annsúd i gcóir na nGunnaí Móra do choiméad ann, i gconnibh ionnsaighe na h-áite.
Bhí díth airgid ar “Wynn,” agus do chuir sé dúbailt cíosa ar na tioneóntaidhthe ar fuaid na h-áite. Níor chomhnuigh sé riamh sa chaisleán, mar deirtear gur chuir sagart a mallacht air. Do thug bean “Wynn” masla dó, agus é ag léig a phortúis ar thráigh Rosabeithe. Dubhairt sé go mbeadh an braon anuas air go bráthach, agus go mbeadh sé ‘na bharaic ag saighiúirí Sasana, agus ‘na préachánadán.
Do thuit na rudaí sin go léir amach díreach mar a dubhairt an sagart. Bhí an braon anuas air, agus deineann na préachán a neadacha ann anios. Do thagadh saighdiúirí Shasana ann gach blaidhain ag cabhrú leis na Dúbhchrónaigh i gcoinnibh na n-Óglach, agus bhíodar chun teacht ann i mí Iúil sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tómas ac Eoin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mícheál O Fóghludha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí