Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 014](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0473%2FCBES_0473_014.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 014
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 014
- XML “An Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Leipreachán Do bhí bean ann fadó darab ainm “Síghle an Gaduidhe.” Fuair sí an ainm sin toisg go dtéigheadh sí amach ins d’oidhche ag goid. Oidhche amháin ana-dhéanach ag dul abhaile di cé bhfeachaidh sí acht an “Leipreachán.” Do bhí sé ‘na shuidhe fé crann mór daraighe, ag déanamh bróg, agus cóta agus bríste de leathar bog air.
Nuair a chonnaic sí é d’aithin sí go maith é, agus chuimhnig sí ar na bprócha óir bhíodh aige. D’ealuigh sí taobh thiar de agus rug sí greim daingean air, agus dúbhairt sí ós árd, “Amach le d’próca óir.” “Tabhair abhaile mé agus cuir sa comharainn mé agus tabhairfaidh mé duit é,” ar seisean léi. Rug sí léi abhaile é, agus chuir sí fé ghlas sa cómharainn é.
I gceann tamaill tháinig sí airís cun an prócha d’fághail acht do bhí an leipreachán imthighthe agus píosa páipéir ina ionad agus na focail seo sgríbhte air:-
“Is mairg ná feachann roimis.”Pádraig De Búrca, do sgríobh
Micheál Ua Siochfradha (60) d’aithris
Cúl na hAirigíl
Gleannbeithe.- Bailitheoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheall Ua Siochfradha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil na hAragaile Uachtarach, Co. Chiarraí