Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 021
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-SgéulBhí táiliúir ar an mbaile seo againne uair, é féin agus a bhean. Bhí aon bó amháin aige, ach ní raibh spota talmhan aige, ach taobh an bóthair amháin. Do bhailig sé spaoil féir annso agus annsúd i gcóir an Geimhridh dí. Do dhein sé suas an soipín féir i gcocha beag. Do chuir sé bathaí agus cipíní mór-thímcheall uirthi, cun é spáireál i gcóir an droch-lae, dar leis go raibh a dhóthain le n-ithe aichi lasmuigh ar fead tamaill.
Nuair d’éirig an fear ar maidin bhí an bó istig san iothlann agus í ag ithe an soipín féir. Bhí sé ar buille, agus dúbhairt sé leis an bó, ith uait é, agus faigh bás nuair a thagaidh an droch-lae, do díobháil féin atá agat ‘ghá déunaimh. Dúbhairt sé ans sgéul dá mhnaoí nuair a chuaidh sé isteach.
“Ariú Phádruig” ar sise, “chuir púcín uirthi, agus ní fheachadh sí aon choca.” “Tá go maith, a Mháire,” ar seisean, "tá an cheart agath deinimh rud ort."
Fuair sé buicéid stáin agus do dhein sé oireamnach dá cheann é, agus cheangal sé ar adharca é le téadán. “Seadh anois, a Mháire, bhfauil sé ceart.”
“A Phádraig a gala níor fhághais an slíghe dá shúilibh ann.”
“Ó dar fia a Mháire tá an ceart agat, do bheadh sé loithighthe agam mar a mbeadh tusa ann”
Do bhain sé anuas do’n bó arís é, fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Coisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí