Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Seán Ó Duibhir an Ghleanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do dheineadar a géaga ceangailte
    D’adhmadh dúr gan taise
    Ó’s chómhair na mílte pearson
    Bhí i láthair a bhréach
    Is a máithrín siúd gan aithris
    Is ciabh a chínn léi ar leathadh
    Nuair a shíneadh chúici é trasna
    Ar a glúinibh go tréith.
    V1.
    Is a lucht an uird seo glachaídh
    Aire maith d’búr sgabaí
    Is do’n Maighdin úd na chaitheann
    Caimbric ná sgléip
    Úda dhubh na h-ata
    Ná síodaí dhaor ó’n gchathair
    Cé go bhfuair sí power is gradam
    Thar mnáibh eile an t-saoghail
    Fuair sí luach dá mbarra
    Iosa chríost dá chaitheamh
    Trí ráite mar gach leanbh
    In árus a chléibh
    Is ar uair a báis, na h-aingil
    A thógáilt ‘dir corp is anam
    Suas go ríogacht na bFlaitheas
    Go lá deireadh an t-saoghail.
    Tomás ac Eóin, do sgríg
    Brighid Bean Uí Eoin (70) ná maireann do aithris
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás ac Eoin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Brighíd Bean Ui Eoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70