Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 056

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 056
  3. XML “An Ainnir Dheas Dhonn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    1V.
    Dá, ba liom Eóchaill is Corcaig na seólta
    Is an baile go gcómhnuigheann an Rígh bhean
    Do mhalairt an nuadhcar ní dheanainn í phósadh
    Cia gur fhágas go breóidhte im’ luighe mé
    Meallais-se go h-óg mé, is deineas-sa do cómhairle
    Sé mo chúmha mar a chonnac-sa riamh thú
    Gur fhágas annsúd mé i mbaile gan súgas
    Ag sileadh na súl agus i bphiantaibh.
    V.
    Bocht, mo chiach anois mo thriall
    Go dúthchaibh siar go brónach
    Im’ buc gan ciall i measg na gCliar
    Go dúbhach a’ d’iarraig fhóirithint
    A bhí ‘rú riail a sgoilt an ghrian
    As gur bhí siúd a rianach brón díot
    Is go bhfuilim-se id thiaidh le tuilleadh is le bliain
    Is na coingbhibh i bpiantaibh níos mó mé.
    V1.
    Go Gleann-na-Séad ar uair i laé
    Do chuadhas-se fé dhéin mo shláinte
    Mar a bhíonn caortha is cno buidhe ar g
    Is mil ina slaodaibh ar bhántaibh
    D’islig an rae is labhradar na h-éin
    Is bhí fhairrge na caorthaibh lán suas
    Do mh’usgail an ghrian a bhí le sealadh fé chiach
    Is d’eirig an t-iasg ina h-án dtruith.
    Brighíd Bean Uí Eoin (70) d’aithris (na maireann)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighíd Bean Ui Eoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70