Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 058
- XML “Dinnseanchas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)slíghe mar bhí an oidhche dorcha, agus nuair a tháing sé cómh fada le bárr Cúm-na-Caillíghe, do thuit a chodhladh air agus do fuair sé bás ann, agus ar maidin lá ar na bhárach, do fuair na daoine é, agus é marbh agus do chuireadar san áit sin é. Sin é an t-slíghe go bhfuair an áit a ainm.
NA SPÉACLAÍ: Tá fuirm spéaclaí ar an gcnoc san, agus is dócha gur é sin an fáth go glaodhtar an t-ainm sin air.
BÓTHAR: Tá bóthar ag dul tríd an gcnoc, agus sin é an t-slíghe go bhfuair sé a ainm.
Baile na Coille: Is dócha gur naomh éigin a chuir mainistir nó clochar ar bun san áit, sin toisg na t-ainm sin a bheith air - Baile-na-Cille.
Caol-dubh: Deir cuid de’s na sean-daoine go bhfuair an áit sin a ainm ó choill mór a bhí ag fás ann fadó, ach níl tásg ná tuairisc ar an gcoill sin indhiu. Deir cuid eile díobh go bhfuair sé a ainm ó’n abha atá ag scéid tríd.Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí