Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 061
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí baintreach ann úair, is ní raibh aici ac aon mac amháin. Bhíodh an buachaill san amuigh gach oidhche go h-ana-déanach, is bíodh eagla ar a mháthair istig san oidhche, gan aoinne in aoinfheacht leí. Chuaidh sí cun cainnte leis an sagart mar gheall air, agus d’innis sí dó, an áit in a bhíodh sé.
An oídhche in a dhíaidh sin, d’imthigh an sagart amach, tímcheall le meádon-oidhche is do bhuail an bhuachaill leis, agus do thosnuígheadar ag cómhradh le’n a chéile. Dúbhairt an sagart gur fhág sé a hata sa roilig an lá san, agus d’íarr sé air, dul agus í do bhreith chuige.
D’imthigh an bhuachaill láithreach, ach ma dein, d’imthigh an sagart treasna na páirceanna cómh-maith agus bhí sé ann roimis. Nuair a bhí an buachaill cun an hata thógaint, do labhair an sagart leis, agus dubhairt leis, an hata d’fhágaint in a dhíaidh. Do bhí an buachaill i gcás annsan, is ní raibh fhios aige cad a déanamh, ach fé dheire d’fhág sé an hata in a dhíaidh, agus chuaidh sé go dtí an áit in a raibh an sagart, ach má dein, chuaidh an sagart treasna na páirceanna arís is bhí sé san áit roimis. D’innis an buachaill a sgéul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí