Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 064
- XML “In Aontacht Tá Bua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I n-aondacht tá buaidh1.
A daoine na h-Éireann cuimhnighidh ar an rádh
I n-aondhacht tá buaidh agus sgaradh mí-ádh
Gan aondacht imeasg daoine n muíntir ar bíth
Ní féidir leo saoirse d’fhághail ar aon caoi.11.
Tá fírinne an líne soillsighthe go mín
I gcúis ár n-oileán le ceithre céud bliadhain
Tá sé dearbhtha sgiobhtha san am a chuaidh thart
Is san am atá láithreach tá na focla ceart111.
Le sgaradh ár ndaoine do tháinig faraoir
Na Sasanaigh grándha ar dtúis cun ár dtír
Sé an sgaradh d’fhág iad ó shoin inár measg
Sé’n sgaraidh indiu tá ag leanadh ár neasg1V.
Gídh saothruig go minic fir calma ‘gur fíor
Cun slabhraí ár n-oileán do bhriseadh go síor
Gídh doirt síad fuil a gchroidhthe ar gort is ar máigh
Do chailleadh i gcómhnuidhe le sgaradh an chathV.
‘Gus indiu tá an fuath dhubh céadna do bhí
I laetheanntaibh thart ‘deanamh nimhneach gach chroidhe
Is ag congbháil ó chéile na ndaoine badh cheart
A bheith aonthuighthe seasmhach in-aghaidh an neart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás 'ac Eoin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán O Loinsig
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)