Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “In Aontacht Tá Bua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    X1.
    “Gráin ar an bPápa” –“An Pápa a choidhche”
    An iad sa na paidreacha is cóir dúinn a ghuidhe
    Do bhfeárr dúinn go mór, bheith i gcómhnuidhe a rádh
    Seo saoirse na h-Éireann a choidhche is go bráthh
    X11.
    Cuighe na Condae ‘na bhíodh siad níos mó
    Ag comeád ar ndaoine ó céile go deo
    Creidheamh-ná bhíodh sé mar bac ar bhúr shlighe
    Ach spiorad na síothchána go buan i ngach croidhe
    X111.
    Bíodh Ultach le Muímhneach a choidhche go sámh
    Connachtach is Laighneach ag fasgadh a lámh
    Gall is Gaodhal mar chlann aon mháthair amháin
    Go dílis, gan imreas, gan achrann, gan cáin
    X1V.
    Gídh láidir an namhaid má táimídne fíor
    ‘Gus seasmhach le céile i gcúisibh ár dTír
    Ar thalamh na cruinne ní-l cómhacht cómh dian
    Ar n-oileán ag congháil fé daoirse aon blíadhain
    Tomás ‘ac Eoin o.s. do sgríg
    Seán Ó loingsigh, Sagart, (ná maireann) thug dom é agus d’aithris.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás 'ac Eoin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán O Loinsig
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)