Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 077
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí fear bocht i gCathair-Saíd-bhín, is do bhí clann mór aige, is gan aon nídh le n-ithe acu. Lá amháin, do shochraigh an fear, dul ag lorg oibre go Tráighlí. Nuair a bhí ‘sé cómh-fada le Caisleán-na-Mainge, do bhúail feirmeóir leis.
Do bhí dhá thig ag an bhfeirmeóir ach ní raibh aoinne i cómhnaidhe ann, mar bhíodh na daoíne maithe ann istoídhche. Dhein an fear bocht agus an feirmeóir margadh le’n a chéile, agus dúbhairt an feirmeóir go dtúbharfhad sé fiche púnt dó, dá gcodluígheadh sé sa tig aon oídhche amháin.
D’aontuig an fear bocht leis láithreach agus ar tuitim na h-oídhche chuaidh sé go tig na daoíne maithe. Do chuir sé teine síos dó féin, agus nuair a dhoircigh sé, do las sé coinneall a bhí aige in a phóca. Do dhearg sé a phíopa, agus do bhí sé á chaitheamh in aice na teine.
Tímcheall le meúdhon-oídhche d’airigh sé coiscéim duine ag teacht go dtí an doras. D’osgail an doras láithreach agus ní fada a bhí, nuair a bhí an tig lán de dhaoíne beaga. Do thosnuígheadar ag rínnce dóibh féin, ach níor chuireadar isteach ar an bfear bocht,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí