School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 265
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí buachaill aimsire ann a bhíodh ag obair do mhnaoi uasal a's ní thugadh sí dho le nithe acht arán cruaidh agus buidéal caifí fuar trí uaire sa ló...”
Pádraig Ua Súilliobháin Cúmastabha 70 bl. d’innisBhí buachaill aimsire ann a bhíodh ag obair do mhnaoi uasal a’s ní thugadh sí dho le n-ithe acht arán cruaidh agus buideál caifí fuar trí uaire sa ló. Bhí an ghráin aige ar an gcaifí. Bhrisfeadh sé an buidéal gach lá nuair a raghadh an caifí chuige sa ghort. Níor b'aon tairbhe dho é sin a dhéanamh mar bhíodh buidéal nua aige na h-aon lá. Bhí iongnad air cad as a mbíodh na buidéal ag teacht. Bhí bainne go flúirseach sa tig acht ní h-é an buachaill a fuair acht an gamhain druimfhionn dearg. Lá áirighthe ní fuair sé acht braon beag caifí agus píosa aráin a bhí bácalta le seachtmhain. Chuaidh sé amach ag obair agus dubhairt go brónach. Is trom atá an ramhann
A’s is lom atá mo easnadh
Is ná beurfaidh Lá Samhna
Ar an ngamhain Druimfhionn dearg.- Informant
- Pádraig Ua Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí