Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 090
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Filí an Bhaile
Bhí file darb ainm dó Pádruig Ó Dá'la ‘na cómhnuidhe in-aice tíghe Padruig Ó Súilleabháin i mBunadroighin i bparóiste na Dromada tímcheall seascadh blian ó shin. Do dhein sé mórán amhráin. Do dhein sé ceann ag moladh Cáit Ní Shéaghdha. Bean ab eadh í sin a bhí na cómhnuidhe i Cnopóg agus bhí sibín aici.
File eile ab eadh Tadhg Ua h-Ualacháin. Fear ó Cúm Beatha ab eadh é ach tháinig sé go Octaibh. Bhí file eile i gCathair Saidhbhín agus Micheál ó Síothcháin ab ainm dó. Cuaidh sé go h-America agus níor thaithn an Tír leis in aon-chor. Le linn dó bheith ann do scríobh sé an amhrán seo.1.
Dá n-eireóchabh an scamall den talamh is fearr so ríoghacht
Do raghainn abhaile is bheadh againn prátaí arís
Ím agus bainne ‘gus caitheamh is fághail mar a bhíodh
Is marcuigheacht so cathair do thógfadh an brón dem’ croidhe.11.
Ba mór é mo mearathal an lá ceapas-sa dul thar tuinn
Go dúthaig na h-anacar mar a dóistear an blúire bídh
Buistéirí damanta agus rascalach.
Feóil gan saill
‘Gus an bille na seasamh cun freagairt i gcionn an mí.111.
Dé Céadaoin so cathair im sheasamh ar Crois Sheáin Cinn Aoirde
Lem’ trucaill beag, dearg, is feircín den ím breágh buidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shíothcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí