Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Giorrfhiadh agus na frogannaBhí giorrfhaidh ann uair is bhí sé tuirseach dá shaoghal. Ní fuair sé nóimeat suamnis riamh ón lá rugadh é ach ag teiche le’n anam gach aon lá a’ iarraidh a códa a bhreith leis ó coin is ó gadharaibh is ó fhiadaighthe . Tháinig sé abhaile tráthnóna mar seo is é suaidhte go maith t’réis cúrsaí an lae. “Mhuise, n’fheadar an tsaoghal bhraonach” ar seisean “a bhfuil aon ainmhidhe eile sa Domhan go bhfuil saoghal cómh h-aindis aige is mar atá agam-sa. Níl sos ná suaimneas agam in ao’ bhall de ló ná d’oidhche ach mé in peathaidhe beag suarach a’ rith ó áit go h-áit a’ iarraidh m’anma a bhreith liom ó’m namaidhibh is go mbfearra dom seacht n-uaire bheith marbh ná beo.
Tá eagla orm roimh gac’ aon ainmhidhe eile sa Domhan agus nách fearra dom anois deire a chur liom féin ar fad, seachas bheith ag fhulaing ar a tslíghe seo agus as go bráth leis cun é féin a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Sheaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caol an Phréacháin Thiar, Co. Chiarraí