Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 206](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0477%2FCBES_0477_206.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 206
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 206
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa an feirmeóir. acht ní tusa an fear ceadna"? "Is mé" ar se. Ó Íosa Críost" ars Frank "acht cad do dhein mar sin tú."
"Do dhein" ar sé Bhíos an uair sin caithte amach ar taobh an bóthair ag an dtighearna talamhan, mar ní raibh an cíos oireamhnach agam. D'imthigeas mar sin ag bailiú an cíosa dá bhfaigfinn é. agus nuair buailisse liom. do thugas mo dhóitin bidh dhom. agus níor fhágais mé siubhail gan mo bholg a líonadh.
"Do bhailigheas an chíos im shiubhail an uair sin. Dhíolas an rógaire, agus táim go maith ó shoin." "Ó go sabhála Dia sin." "Beidh a rian air" arsan fear "geobhaidh sibh óstuidheacht na hoidhche uaim indiu". Biadh as deoc dibh féin as bhur gcapaill mar gheall aran méid sin tairbhe déanamh dómhsa nuair a bhí gádh maith agam air.
"Is mairg ná cuimhnigheann ar an maith a deintear."
Castar na daoine ar a céile, agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)