School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí an reilig i gCill Mór.Tá bóthar eile i gCurrach Mór ar a d'tugtar "Bóthair Eibhlín" mar bhí bean na cómhnaidhe tímcheall na h-áite céadhna agus bean ana naomhta do beadh í agus tugtaí Eibhlín Naomhta mar ainm uirthe 'na thaobh san agus sin é an fáth go nglaodhtar ar. "Bóthar Eibhlin" ar an mbóthar sin. Scríobhnóir:- Eibhlín Ní Mhurcadha, Currach MórSgéalaidhe:- Máire Ní Mhurchadha, Cúil
- Tá bóthar san oileán seo go dtugtar air "Bóthar na Cairte". Tá sé ag dul ó Tigh an t-Solais go dtí an Túr ar an dtaobh thiar de'n oiléan, agus deireann na sean daoine gurb é an bhóthar ba tháchtaí san oileán fadó, agus go raibh cúpla bóithrín eile ag dul isteach ann.Deireann cuid de's na sean daoine gurb é Cromaill a dhein an bóthar sin chun dul ó Thigh an t-Solais go dtí an Túr, agus tá mórán leac uaighe ann leis.Tá bóithrín eile ag dul isteach ann atá ag teacht ó'n nGóilín, agus ag bualadh isteach ann i(continues on next page)
- Collector
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Informant
- Tómas Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí