Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 157](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0303%2FCBES_0303_157.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 157
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)labhair sé leis :-
A shagart an anama na bí in caraid liom
Tá capall chun reachta 'gat, fuip cinn airgid
Láimhín ar do ghlacaibh 'gat, cóta mór go talamh ort
Agus ná tiocfá-sa tamall, ag tionnlac mo bhanaltra
Go dtí n Árd Rígh Bheannuighthe.Is cosamhail gur ar an ocáid so a leanas a céad-geineadh an droch-aigne dos na sagartaibh i gcroidhe Sheáin. Do thárla go raibh Seán ag "Stáisiún" i dtigh feirmeóra, agus nuair a bhí an sagart ag éisteacht na bhfaoisdín dúbhairt sé le Seán bheith ag dul amach do féin agus fanamhaint amuigh go dtí go mbeadh na daoine go léir éistighthe. Do bhuail Seán amach, agus do shuidh sé ar chruach móna ós cómhair an dorais amach agus cheap sé an rann so :-
Mo chlogad bocht agus ní h-é an t-ocras méid mo bhróin
Acht an tarcuisne atá ar bhochtaineacht i ngach áit dá gheóbhaim
Má's mar shagartaibh atá an t-Arad Mach níl brígh 'n-ár n-glór
Is ní feárde dhúinn an t-Aifreann ná suidhe ar an mhóin.- Bailitheoir
- Seán Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Duílis, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí