Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thiar i Midhe Ros a bhí an file le linn an amhrán san do cheapadh dhó gan aon amhras. Cím romham annso anois an dhoire mar a raibh Seán fé dhuille chrainnn glais na aonar cois imeall trágha; agus cím annso mar ar sámhluigheadh luidheadh dó gur thriall "an spéirbhean" ar theacht di ó thaobh dheas na mar na dhail.
Tá leabaidh an fhile annso fós ar thaobh na seanchoille i n-imeall na trágha, mar a gcaitheadh sé a lán aimsire. de réir mar chloisim. (Tá an dán so fé cló.). - Sa bhliadhain 1798 do thuit so amach chath. Is amhlaidh do bhíodh na Sasanaigh go h árdbhladhmannach agus go bagarthach agus go droch-gníomharthach. pé uair a bhíodh cruinniú acu féin. Bíodh árd lá [?] [?] i gcomhnuidhe acu ar an dara lá déag den Iúl mar ónóir do Liam Bhuidhe agus dá lucht leanamhna toisc an ghníomh dhéineadar ar bhruach na Bóinne céad bliadhain nú mar sin roimis sin.
Tá sean-fhothrach ar thaobh na Rúrach cúig míle ar an dtaobh thiar den Ros. Bhí Cúirt áluinn ann an uair sin 1798. Coppinger's Court a thugti uirthi. Sa Cúirt sin a bhí na gaill ag ithe is ag ól agus ag caint i rith [?] Iul 12, 1798 tráthnóna bhíodar ag filleadh abhaile agus thosnuigheadar ag déanamh drochoibre éigin. D'éirig na gaedhil amach is thugadar aghaidh ortha. Ní raibh ann ar dtúis(leanann ar an chéad leathanach eile)