Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)

Suíomh:
Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Ss. Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “An Luachair á Threabhadh”
  4. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thánaig buachaill óg, é féin 'sa seisreach capall, 'sa a cheácht, agus móinfhéar ná raibh aon nídh ann ach luachair. Dar leis féin, é féin 'sa chapaill go ndubhart sé go n-iompóchadh sé an luachair sara bhfágadh sé an pháirc. Ní raibh sé ar shlait a iompáil de, nuair a thosnuigh a' luachair ag gáiridhe fé. Bhí sé chómh righin, chómh daingean san, ná féadfadh sé filleadh ná facha a bhaint as. Thánaig fear eile ann 'na dhiaidh. agus capaill caola, ciara air agus bhí an fear féin tromaliatha. Sin é adúbhart sé leis a' luachair "beir cughat" bhí an luachair ag cnagadh roimis annsan :- "Capaill caola ciara agus fir tromaliatha". Sin iad adúbhart leis an luachair "beir cughat". Nuair ná tánaig sé go bog chuig an buachaill óg, thug sé suas, agus thug a chapaill suas é chómh maith, ar fear meán aosta sa a capaill "ciara caola" do chochfaidís leis sara dtugaidís suas é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.