Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 145](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0309%2FCBES_0309_145.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 145
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Leathanach 145
- XML “Baint an Fhéir”
- XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní cuimhin liom anois cad é an baile go bfuair sé an rann, bhí sé 'gan ach do cailleas é. Concabhar Ó Muirithle táiliúir a cúala á chanadh so, deich bliadain is dachadh ó shoin agus níos mó bhí ceithre bhéarsaídhe aige.
[?] leis an buacaill bán a cúm an Cartalanach níor innis duith indé an fáth bhí leis. B'as Conndae a' Clár muinntir a "mhajor" agus bhí talamh acu cómh maith in aice na Conanaighe. Bhí gabháltas beag tailimh ag an gCathlánach uatha annsan. Gach aon bhlian thagadh muinntir a "Mhajor" agus bídis ag foghléaracht sa coill. Bhí an Cáthlánach beó boct tráth agus do cheap sé seift cun saidhbhreas a bhailiú. Do cum sé an "Buachaill Bán" ag moladh mic a mhajor agus a mhuinntir, dubhairt sé as cómhair a mhajor é , agus do sheinn sé thar n ais airís ar a' [?] annsan é, agus fuair sé talamh 's tig saor faid a mhair sé. - Bé an fear ba thréine in Éirinn sa am san é, bfhéidir go bhfuil sé ceithre céad bliadhain ó shoin ann, bhí sé na cómhnuidhe tíos i gCill Fionain. san gCúirt mar a bfuil clann De Burg anois, agus is dócha go raibh se tréan, tráth, is gur chuaidh anoinn go Sasanna, agus é ag iarraidh na coinghíll fhagháil chun dlighe(leanann ar an chéad leathanach eile)