Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I mBeanntraighe an lámhaig do thárla am aonar.
Mar a raibh roinn sáile láidir craos ghuirt
Tan chuala an tásg do chraidh na céadta
Uaill 's gártha is árd do léimeas.Do bhaineas chun reatha go h-allas mar éasga
S go deimhin níor stadas gur ghlanas thar léim soir
Mar a chuala an camtha Gallda 's Gaolach
Ó'n mbealach go Ros ag gol le chéile..Mo nuar go brách do bhás an Phaoraig,
A dtuamain tláth sa sháraigh aosda
Taid sluaite an fháin san áitreabh taobh leat
Go mór it ghádh,is a geás gan réidhteach.Dá mhéid do thagadh gan amharc gan éisteacht,
Go daor i martra 's ar easba na céille
Fé dhéin an tsagairt darbh ainm do an Phaorach,
Do théidheadh a bhaile gan easnamh gan éistinn. Dob aerach dathanna it leacan a pléidireacht,
Mar aon chur sneachtaig a 'caismist le caoraibh,
Tréithe leanadh tu bfhearra ná an méid sin -
Féile s fairsinge i ndaingean do chléibh chirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó hUalla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí