Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht cnuasacht ban agus cé go bhfuil a lán cainte ar ar dhein mná Luimnigh is dóigh liom-sa gur cheart Mná Ruis ó gCairbre do mholadh go hárd leis agus áit uasal do thabhairt doibh i stair na hÉireann
Ba mhaith an scéal go raibh Seán Ó Coileáin againn annsan mar d'fhág sé cunntas againn ar an gcath úd agus cé ná fuil an fhilidheacht ró mhaith ann tá blúire de go deas is go meidhreach Seacht bhéarsa dheag atá ann.Shiúbhaluigheadh Seán a lán agus bhíodh sé seachtmainí gan filleadh fé dhéin na scoile. Bhí dúil san braon dige aige. pé ar domhan é, níor theip an fhilidheacht air.
Deirtear go raibh sé lá ag dul siar bóthar Chille Bharra taobh thiar dhe Dun Maon Mhuighe agus é ar meisce. Luigh sé i gcoinnibh claidhe ísil ar thaobh an bóthair. Bhí locán uisce laistig den chlaidhe agus pé útamáil a bhí ar siubhal ag Seán shleamhnuig sé thar chlaidhe isteach. Bhí bean bhocht. a bhí ar éadromacht céille ag gabháil thar bhághaid an uair chéadna is chonaic Seán istig sa locán. dhein sí anonn air is thug si cabhair dó teacht amach ar an mbóthar airís. Is dócha gur bhain an tomadh san uisce cuid den tromaidheacht chodladh dho.
dubhairt an bhean leis gur mhór an náire dá leithéid sin de scoláire bheith mar sin ar meisce os comhair na ndaoine. Tuigthear as san go raibh aithne air san(leanann ar an chéad leathanach eile)