Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na chómhnuidhe i gCúil a Bhuacaig agus do tháinig na pucaí aon oidhche amháin agus do thógadar a bhean uaidh. Bí sé ana brónach mar geall ar. Chuaidh sé ag triall air fear darb ainm Choncubhar na bPúcaí agus dinis sé an sgeal do. "Tá fhios agam" arsa Concubhar go bfhuil sí in aonfhacht leo agus má tá neart i misneach do dhothain agatsa feadfhair í thógaint uatha. Teidhir go dtí a leithéid seo do áit ar a dó dheagh a clog anocht i beir leath uisce coisreacan agus dein fainne de air port na h-abhann mar beidh siad ag dul treasna san áit sin. Beidh sí air chúlaibh fir a bheidh ag marchuidheacht ar capall bhán agus nuair a thiocfhaidh se isteach sa fáinne beir uirte agus tairig anuas den capall í
Do dhein sé amhlaidh agus do sgiob sé an bean uatha do tóg sé abhaile í agus ní feadfhadh sí labhairt ar feadh seachtmhaine- Bailitheoir
- Peadar Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Acra, Co. Chorcaí