Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is cuimhin liom go mbíodh na sean-daoine ag cainnt mar gheall ar an lá a báthadh Claedighe. Bhí an maidin go breádh acht tímcheall lár an lae thosnuigh sé ag déanamh clagair seóidh & 'sé an sgeal a airígheadh um thráthnóna ná go raibh Claedeach báidhte. Is amhlaidh a eirigh tuille san abhainn - An Fhleasg & chuaidh sé amach ar fuaid na tíre. Do bhí seo tighthe cómhangarach do & do báthadh iad. Do bhí fear 'na chómhnaidhe i gceann de's na tighthibh sin & chonnaic sé an tuille ag teacht. Do chuaidh sé isteach abhaile & chuir sé a bhean & a chlann amach in áit árd & chuaidh sé go dtí an móinfhéar chun na gamhna do chuir amach ar eagla na tuille. Nuair a bhí sé ag cuir na gamhna amach do chonnaic sé a bhean ag dul thairis siar san abhainn. Nuair a bhí na gamhna curtha amach aige do chuaidh sé go dtí an áit gur chuir sé a bhean & a chlann. D'fhiafhruigh sé de'n chlann cá raibh a mháthair. Dubhairt an clann gur chuaidh sí isteach ag cuir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ua Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí