Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 478](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_478.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 478
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-éadach leabthan thúas an staighre ón t-uisge.
Do báthadh ocht tighthe déag a bhí in aice na h-abhann & um tráthnóna ins an áit na raibh na tighthe do bhí abha ann. Do táilliúr ag obair i gceann des na teine tighthe sin & bhí sé na shuidhe in-áirde ar an mbórd in aghaidh na fuinneóige & chonnaic sé an tuille ag teacht. Dubhairt sé le muinntir an tighe go raibh an tuille ag teacht ach níor chreideadar é. Do léim sé anuas de'n bord & chuaidh sé amach in áirde ar carraig árd. Ní raibh sé ann i bhfad nuair a tháinig an tuille. Do leag sé an tigh & báthadh na daoine a bhí istig ann.
Do bhí fear eile na chómhnaidhe i gceann des na tighthe. Do bhí sé in aice tigh na mbó & chonniac sé an tuille. Do bhí ceann tuighe ar an dtig & léim sé in áirde ar & bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ua Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí