Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 492](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_492.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 492
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar nuair na bíodh aon scriobhnóireacht ná aon rud mar sin eadthora deiridís na bíodh ceart cun an feirm na cun an an tíghe aice agus cun go mbeadh ceart cun an feirm aice tairigeadh sí sop de dhíon an tíghe agus beadh cead aice fanamaint ansan
Bí fear ann agus bhí inghean aige a bhí críodhna a dothain cun pósta agus aon oidhche amháin tháinig fear beag suarach cun í fhághail Taréis tamaill tháinig fear eile fear mór láidir, isteach cun í fhághail leis agus bhíodar ag cainnt agus ag cur tre chéille ar feadh na h-oidhce agus amach san oidhche deineadh an taé agus bí ana spórt aca. Oidhce ana stoirmeamhail a beadh é agus baineadh an ceann d'en stábla agus rith muintir a tíghe agus an fear láidir amach cun an cheann do chuir ar an stábla ach d'fhan an fírín beag istig cois na teine. Nuair a tháinig na fir isteach thosnuig fear a tighe ag mholadh an fir láidir agus gur ceart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Iarfhlaith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ráth Thoir, Co. Chorcaí