Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do tháinig an sneachta mór tímcheall trí bliana agus ceithre fichid ó thoin. D'fhan an sneachta ar an dtalamh in aíteanna go dtí lár an tSamraidh agus do fuair morán caoire agus ba bás. Is ar éigin a fhan siól na n-éan ann in aon chor do loiteadh oiread aca.Lá Diarmada Uí Dúnaighe a glaodhadh na sean daoine ar an lá a tosnuig an sneachta. Is amhlaidh a bhí sé feín agus beirt eile ag dul treasna na gcnoc go h-aonach Neidín nuair a tháinig an sneachta ortha - cáthadh sneachtaidh - Cuadar amú ó'n ceíle, leathadh an beirt ach deirig le Diarmuid a cosa do breith leis. Aon sneachta mór a thagadh na diaidh san bíodh na sean daoine a chur i gcomparáid leis an sneachta mór adeirm.Dá blian is dachad na dhiaidh sin do thuit an sneachta is(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Amhlaoibh Ó Loinsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí