Scoil: Kilfenora (B.) (uimhir rolla 2155)
- Suíomh:
- Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
- Múinteoir: P. Mag Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilfenora (B.)
- XML Leathanach 031
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Scéal, scéal ruball ar an éan, lá ar bhacach buidhe bhí fear ann fadó agus fadó a bhí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)31
lá ar na bhárach ná phreab sé as a leabaidh .Fuair sé beagan bidh agus thóg sé an bóthar air féin.
Dá fhad an bhóthair níor bhfada bhí sé gha chur deagus do shrois sé an cathair sar a raibh muinntear na cathrach na suidhe.Do chuardaigh sé an droichead ag féáchaint annso is annsúd ,ach ni raibh rian an sparán le fáil.D'fhan sé ann i gcóir na h-oíche i dteach agus an maidin ina dhiaidh thosnuig sé ag cuardaigh arís.céard a casadh air ar an droichid an maidin sin ach sean-fhear liath agus é ag díol rudaí.Thosuig siad ag cainnt.D'inis Seán dó gach tud mar gheall ar an taidhreamh agus fáth a cuaird go Luimneach.D'innis an fear liath dó cunas mar bhi brionglóid mar sin aige féin tri oidhcheannta i ndiaidh a chéile .D'innis se dó frreiain go bhfuair sé amch ins an taibhreamh go raibh corcán lán de ór curtha fé sgeach droighin a bhí ag fás in-ait ar a dtugtar Baile Mhic Chró.
Bhí iomgna ar Seán .Thóg sé an bóthair abhaile air féin agus nuair a shrois se a theach bhí sé traochta.Maidin lá ar na bhárach thosuig se ag romhar mór timcheall na sgeiche .Fé dheireadh thainig sé go leach.D'iompuig sé é síos suas é agus cheap se go mbeadh an corcán óir aige .ní raibh fuithi ach gainnimh.Thóg sé isteach an leachagus chuir sé le h-ais na teine.Tamall indhiaidh sin cé bhuaileadh isteach chuige ach an sgoláire bocht .Do chonnaic an sgoláire an rud a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)