School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 307
  3. XML “Ag Déanamh Maistridh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leagtar isteach i dtubán é. Annsin gheibhtear uisge glan agus glantar an bláthac as. Cuirtear salann air agus deintear é a dhéanamh suas i measgan nó i bprionntaí.
    Is minic a chualas na sean daoine a' rádh nár cheart dul isteach i dteach agus fód lasta a thabhairt amach leat as cúns bhíonn an maistreadh ar siubhal, ná deoch uisge a ól i rith ama na cuiginne. Ní cheart freisin dul isteach i dteach nuair a bhíonn an maistreadh ar siubhal gan cabhrú le bean a' tighe san obair ar eagla nach dtiocfadh an im ar an mbainne. Is minic a thárla sé nár tháinig aon im air. Cheap na daoine annsin go ndeachaidh an tim go teach éigin eile mar do síltí go mbíodh cumhacht ag daoine áirithe im tighe ar bith thabhairt leo. Nuair a thárlochadh rud mar sin bhí ar na daoine fios a chur ar an sagart sul a mbíodh an tim le fághail thar nais aca.
    Óltar cuid den bhláthaigh, Úsáidtear cuid eile de chun cacaí aráin a dhéanamh agus tugtar cuid eile de fós do na gamhna agus do na muca. Nuair a deintear leamhnacht agus bainne géar do mheasgadh ar a chéile agus iad do bheirbhadh deineann gruth agus meadhg díobh. Gruth a tugtar ar an gcuid is cnapóga den mheasgadh agus meadhg ar an gcuid is deoch de. Bíonn dath glas ar an mheidhg. Is maith an deoch é sin má ólann an té go bhfuil slaghdán air cupán maith de agu dul a chodhladh dó ach beidh air é féin a choiméad go han te ar eagla go mbéadh sé níos measa ná mar a bhí riamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin