Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt clann i gCluain tíghe Cártaigh timcheall fiche bliadhain ó shoin, muinntear Ceallacháin agus muinntir Bhuachalla. Do taidhrigheadh de'n beirt aca trí oidhche in dhiaidh a chéile go raibh ór fé crann áirighthe i chfeirm mhuinntir Cheallacháin. D'innseadar dá chéile é agus shocruigheadar go gcuardóchaidís é an oidhche sin.
Bhí sé ráidhte go bhfaghadh an céad duine a chuirfeadh a lámh ar an ór bás. Bhí amadán buachalla ag ag muinntir Cheallacháin agus ba chuma leó an bhfaghadh sé bás nó ná faghadh.
Chuireadar an t-amadán ad iarraidh an óir agus tar-éis alán cuardach chonnaic sé an t-ór agus thóg sé suas é agus thug sé leis abhaile é agus do thugadar cuid de do mhuinntir Bhuachalla.
Tamall ina dhiaidh san buaileadh breóite an t-amadan agus fuair sé bás ach bhí a mhuinntir saidhbhir 'na dhiaidh.
Máire Bean Uí Shúileabháin
Carraig an Adhmuid, Baile Mhúirne,
Caogadh bliadna
Cimeádaidhe tíge
Carraig an Adhmuid, Baile Mhúirne,
Concubhar Ua Críodáin
30 bl ó shoin
50 bliadhain
Carraig an Adhmuid, Baile Mhúirne.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí