Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 271
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san?
Freagra:- Bhí an mhuch ag tóghach agus bhí na h-uibhe ag beirbhiúghadh ach nuair a déarfaí go mear é cheapfadh duine gurb'í an muc a bheadh ag tóghach agus í ag beirbhiughadh.5. Eirigh id shuidhe a inghín agus téighir ag feiscint inghean t-inghine go raibh inghin óg ó aréir aici. Cadé an gaol abhí idir an leanbh agus an bhean a chuaidh a fheisgint.
Freagra:- Sin, sin, sin, sean-mháthair ab'eadh í leanbh.6.Thall sa chúinne agus dhá céad súl air. Cad é féin?
Freagra:- Corcán anbhruithe.7. Ar an dtaobh thiar de'n tig atá sruthán agus ins an sruthán atá cupán go gcaithfidh gach duine againn deoch a ól as . Cad é féin?
Freagra:- An bás.
8. Chuadhas isteach, thánag amach, duine marbh a fuaras agus rudaí beo, sé cinn gabhtha, ceann ámhain saor. Cad é féin?
Freagra:- Chuadhas isteach i roilig agus chonac plaosg fhear agus bhí nead éin ann, sé cinn ata ná raibh ábalta ar eitile agus an mháthair ag dul tímpeall.
9. Dubh atáim, ana cháil orm. cuarduigheann fhir mé go mbíonn siad tuirseach, cuirim thuirse ar chapaillibh is ar fhearaibh. Cé hé mé:-?
Freagra:- Móin á tharrach ag fear is capall.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chorcaí