Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 293
- XML “Leigheaseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Deirtear dá raghad snáthad trí dhuine go n-imtheóchadh sé tímpeall an colainn go léir agus gur deacair é a fhághail ach go bhfaghadh teanga an mhada-ruaidh é gan aon duadh.
2) Tá leigheas ins an uisge nuair a bhíonn an taoide ag dul amach an cúigmhadh lá déág de Lughnasa.
3) Tá leigheas do ba ins an uisge a thuiteann Aoine an Céasda.
4) Chun faithinní a leigheas dul isteach i dtig agus do bhróg a bhaint díot agus do chos a chur i mbróg duine eile gan aoinne id' fheiscint.
5) Na faithinní a chómhaireamh le buille fé thuairim agus cloch a chur i mála in aghaidh gach fathainne agus an mála d'fháaint ag an gcrois mbóthar agus an céad duine a thófadh suas é bheadh na faithinní aige sin.
6) Teinneas a leigheas:- beannachadh an doruis, sé sin an salachar a fhanann ag an ndóíras a bhailiúghadh agus é a cruadhchaint ó's cionn na teine agus é a chur leis an dtinnis.
7) Duine go mbíonn an sine-seáin ar lár aige é a bhualadh trí uaire ar an dtinteán, trí uaire ar an dtáirsig agus é a dhéanamh trí maidne indhiaidh achéile agus in ainm an Athar, agus an mhic agus an Spiorad Naoimh a rádh. Duine gurb' ainm do Seán is fearr a dhéanfadh é.
8) Chun faithinní do leigheas:- Uisge na ceárdchan do ghoid agus na lámha nó pé áit 'na mbeidís 'á nígh leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chorcaí