Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Muintir Corcoráin agus an Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí muinntir Corcoráin 'na gcómhnuidhe in Gort Luacra i gCo. Ciarraighe timpall seasga bliadhain ó shoin. Thárla go rabhadar ag déanamh cleamhnais.
    Tháinig muinntir an cailín go tig an bhuachalla, chun an fheirm a fheisgint. Sean-duine agus triúr buachaill abhí ins an tig. Chuaidh na buachaillí amach agus mharbhuighdear caora agus chrochadar suas é. Bhí muinntir an cailín ag maghadh fútha. Bhí an sean-duine sa chúinne agus ní dubhairt sé pioc.
    Chuadar amach sa coill agus mharbhuigheadar fiadh agus thugadar isteach é. Ní raibh na cailíní ag magadh an turus so. Bhí abha in aice an tíghe agus chuadar amach agus thugadar isteach bradán agus do chrochadar suas é.
    Thosnuigheadar ag tomadh na caorach. Ní raibh na cailíní ag magadh fútha. Bhí an sean-duine sa chúinne agus é ag féachaint ar gach aon rud. Nuair a chonnaic sé go raibh na cailíní ag magadh ar dtúis. Dubhairt sé mar seo:-
    "Is mairg ná cnósuigheann ciall,
    Is ná cuireann srian le 'na ghuth.
    Anois nuair a tháinig an bradán is an fhiadh,
    Is maith an biadh an caora dubh."

    Sláinte an bradáin:- Croidhe foláin agus gob fliuch.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Donncadha
    Inscne
    Fireann