Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 309](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_309.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 309
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí máighistir scoile in Droichead Uí Mhórdha i gCiarraighe timcheall seasga bliadhain ó shoin. Risteárd Mac Cárthaigh ab' ainm do.Aon lá amháin bhí sé ag múineadh "Divisions" de's na scoláirí agus bhí aon buachaill amháin ann ná féádfadh é a foghluim. Bhí an máighistir cráidhte a d'iarraidh é achur isteach na cheann ach do theip air glan.Sa deire bhí a foidhne ídighthe agus thosnuig sé ar é a bhualadh agus le linn é a bhualadh dubhairt sé mar seo:-"Divisions a mhairbh is a chráidh mo croidhe,
Is ní'l Division i bhfarradh agam in ár nó i gcrích,
B'fhusa liom an fharraige a theacht ó'n dtuinn
Ná division a chur in acrann id' mháinléid cinn.- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Inse an Chuais, Co. Chiarraí