Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 344

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 344

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 344
  3. XML “Connie na bPucaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amháin bhí Connie na bpúcaí mar ba ghnáth. Dubhairt na púcaí le Connie go mbéadh ana sport aca an oidhche sin, go raibh cailín deas le pósadh agus go rabhdar féin ag dul go dtí an bainnis agus go mbéarfaidís Connie leo agus go ngoidfidís an cailín deas dá b'fhéidir é. Ní fhéadfadh na púcaí é sin a dhéanamh mura mbéadh Críostaidhe éigin in-aon-fheacht leó agus sin é an cúis go rabhdar ag tabhairt Connie leo.
    Níor theastuig ó Connie an cailín a ghoid in-aon-chor ach mar sin féin d'imthig sé leo. Shroiseadar an tig agus do dheineadar púca de agus chuadar in áirde ar na batáí snamdha. Bhí bórd mór fútha agus é lán de bhiadh anna breaghtha. Tháinig na daoine go léir isteach san seomra agus an cailín nua-phósta in-aon-fheacht leo. Bhí sop túighe ag ceann des na púcaí agus chuir sé suas srón an cailín é agus chuir sí sraoth aisti agus ní dubhairt aoinne Dia linn.
    Dhein sé an rud céadna an tarna h-uair agus ní dubhairt aoinne Dia linn. Bhí a fhios ag Conchubhair dá ndéanfadh sé é an tríomhadh h-uair agus muna déarfadh aoinne "Dia linn" go bhféadfadh na púcaí í a bhreith leo. Dhein sé é an tríomhadh h-uair agus dubhairt Conchubhair féin Dia linn. Do tháinig fearg ar na púcaí agus chaitheadar síos é ar an mbórd ach níor bhris sé aon rud agus d'innis sé an sgéal de's na daoine agus bhí áthas an domhain ortha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann