Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 366

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 366

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 366
  3. XML “Muintir Iarfhlaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí Muinntir Iarflaithe na gcómhnuidhe i mBaile-Mhúirne ar feadh na céadta bliain. Deirtear go rabhdar ann ó aimsir Ghobnatan. Ba leo an paróiste agus is ó'n Eaglais abhí sí aca. Ní raibh aon smacht ag na Cárthaig ortha ach amháin go rabhdar ag fághail cíosa uatha.
    Bhí cúram na h-Eaglaise i mBaile-Mhúirne ortha agus do bhíodh sagairt sa treabhchas i gcómhnuidhe aca. Do chimeádadar ceannas na paróiste go dtí an bhliain seacht déag a naoí déag, agus fuair an sagart deirineach díobh bás sa bhliain a seacht déag a nóca a cúig. An t-Athair Liam Ua h-Iarflaithe ab'eadh é.
    Dream ana léigheanta ab'eadh iad agus filí mhaithe agus bhí féith na filidheachta ionnta go léir. Tá mór-cuid dhá (?) filidheacht le fághail. Tá sgéal mar gheall ar an Athair Liam agus seo é:-

    Bhí fear de Mhuinntir Iarflaithe pósta i mBaile-Mhúirne agus bhí beirt mhac aige. Tar-éis roinnt bliadhanta do cailleadh a bhean. Ansan tar-éis bás na mná do chuaidh sé go dtí an Róimh agus do deineadh sagart do. Tháinig sé abhaile agus é 'na shagart agus is i mBaile-Mhúirne a dubhairt sé a chéád aifreann agus d'fhreagair an bheirt mhac do é.
    Dáth ab'ainm de'n duine ab'óíge aca. Nuair a fhásadar suas, chuaidh an fear eile go dtí an Róimh agus do deineadh sagart dó. D'fhan Dáth sa bhaile. Tar-éis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann