Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 368
- XML “Peaid Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann timcheall caogadh bliadhain ó shoin agus Peadar (?) Buidhe ab' ainm do. Rugadh i mBaile Mhúirne é ach chaith sé alán dá aimsir in Gort le h-Árd i gCiarraighe. B'é an seachtmhadh mac é agus bhí "charms" aige. Lá amháin bhí fear darb' ainm Mícheál Ua Tuama ag obair idtig 'na raibh Peaid, agus bhí sé cráidhte ciapaithe ag teinneas fiacal agus níor fhéad sé a dhínnéar d'ithe, ag piocadh prátaí a bhíodar agus ghlaoidh Peaid Mícheál i leath-taoibh agus do thug sé buideál do go raibh leigheas ann agus chimil Mícheál leis an bhfiacal é agus d'imthig an tinneas glan.Bhí Mícheál ana bhuidheach do ach dubhairt Peaid leis gan é a innsint d'aoinne nó ná beadh an buidéal le fághail airís aige. Bhí an buidéal leath lán de stuif éigin agus thóg Mícheál leis abhaile é agus chuir sé i bhfolach i gcúinne an driosúr é n gan fhios d'aoinne agus ní bhfuair sé tinneas fiacal 'na dhiaidh san.Cúpla mí 'na dhiaidh san bhí Mícheál ag sgoruidheacht idtig agus bhí buachaill ann agus é cráidhte le tinneas fiacal agus d'fhiafhruig se de Mhichíl an raibh aon leigheas aige air agus dubhair tMícheál go raibh stuif ana-mhaith sa bhaile agus go dtabharfadh sé braonín de dho. Bhí áthas ar an mbuachaill. Nuair a chuaidh Mícheál abhaile an oidhche sin chuaidh sé fé dhéín an driosúr chun an buidéal d'fháhail ach ní raibh se ann. Is ansan a chuimhnig Mícheál ar an rud adubhairt Peaid leis gan é a innsint d'aoinne.
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Donncadha
- Inscne
- Baineann