School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 373
  3. XML “Domhnall Ua Réada agus an Púca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus i lár na h-oidhche dubhradar go mbeadh rud éigin le n-ithe agus le n-ithe agus le n-ól aca. Chuir beirt de's na mná aprúin bána ortha agus chuadar amach go dtí seomra an bhídh agus d'ollmhuigheadar féasta mhór. Ansan chuadar go léir isteach go dtí seomra an bhídh agus ní fheaca an leath-amadán riamh a leithéid de sóghluistí is abhí ann idir biadh agus deoch. Bhí gach saghas feola ann idir caoir-fheoil mairt-feoil agus muich-feoil. Ansan do bhí cístí breághtha mílse aca, agus gach sórt fíona aca. Do shuidheadar síos agus do bhíodar ag ithe is ag ól is ag déanamh aoibhnis agus bhí an leath-amadán chómh meidhreach le h-aoinne aca.
    Nuair abhí a ndóthin ithte agus ólta aca dubhradar go nglacfaidis suaimhneas ar feadh tamaill agus ansan go raghaidís ag rinnce airís. Nuair abhí a ndóithin suaimhneas tógtha aca do thosnuig an ceoltóir ag seinnt airís agus do thosnuigheadar ag rinnce airís. Taréis a trí a chlog do bhí tuirse ag teacht ortha agus dubhairt an púca leis an leath-amadán go dtógfadh sé féin abhaile airís é tar-é a dhíol.
    Dubhairt na púcaí leis an leath-amadán go dtabharfaidís do aon ní a iarrfadh sé mar go raibh cómhacht aca. Bhí sé ag cur's ag cúiteamh 'na aigne ar feadh tamaill agus ansan dubhairt sé gurbé an rud a teastuig uaidh ná gan bheith 'na leath-amadán a thuille agus ní raibh agus thugadar airgead do 'na theannta agus chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair agus do mhaireadar go suaimhnesach 'na dhiaidh san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Ua Luasaigh
    Gender
    Female