Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 376](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_376.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 376
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 376
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Na Seacht n-Aingil is sine ...”
(1)Na seacht n-aingil is sine
Na seacht n-aingil is órtha
Na seacht n-aingil is mó cómhacht
i gCathair na Glóire
Ár saoradh is ár sabháil is ag breith ár n-anam go Cathair na Glóire.In Ainm an Athar srl.An té a déarfaidh an paidir seo trí uaire roim dul a chodladh adeirtear ná déanfaidh sé peaca coidhce agus ní raghaidh a anam go h-ifreann.
(2)An taidhbhreammh a deineadh do Pól
Isé ag dul go Róimh na Reamh
D'innis Pól do Críost é
agus dubhairt Críost gur mhaith
Breith Muire agus a Mic ar árd-adhramh
Nimh ár n-aisling ar ár naimhde
Sinn féin agus ár ndaoine go maithRoimh dul a chodhladh adeirtear é seo leis agus tá an buadh céadna ag gabháil leis.
(3)An ad' codhladh ataoí a mháthair?
Ag aisling ort atáim a mhic
Cadí an aisling í a mháthair
Go bhfeacha fear fada caol dubh,(leanann ar an chéad leathanach eile)