Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)inghean go h-olc in-aon-chor agus mar sin níor chuir sé puinn suime ann.
Cúpla lá 'na dhiaidh san do bhí sé as baile ar feadh an lae agus um thráthnóna nuair a chuaidh sé abhaile bhí an cailín marbh roimis.
Bhí ana brón ar athair agus ar an máthair. Nuair abhí sí marbh d'oscail sé í. Nuair a oscail sé a ceann fuair sé amach go raibh rud éigin 'na ceann a mhairbh í agus dubhairt sé go sábhalfadh aon pínse snaoise amháin í. Deir daoine eile go raibh piastaí móra istig innti agus gurbé sin do mhairbh í.
Cúpla lá 'na dhiaidh san bhí an dochtúir ag teacht abhaile ó'n dtig céadna. Nuair abhí sé ag gabháil thar an ndroichead céadna agus chonnaic sé an bhean airís. Dubhairt sí "Whoopee". Dubhairt sé léi "Cadé an diabhal de "Whoppee" atá agat um an dtaca so d'oidhche?"
"Ó" arsa'n sprid "táim ana bhuidheach díot, do chuireadh do phionós orm-sa go gcaithfinn fanamhaint anso go labharfadh duine éigin saoghalta liom. Tá mo phionós déanta agam anois agus táim chun dul go Flaitheas Dé." D'imthig sí as a radharc ansan.
Cúpla lá 'na dhiaidh san, Chasadh Connie na bPúcaí air airís agus dubhairt sé leis "bhí an t-ádh leat agus labhairt léi sin an oidhche sin agus ní labharfá léi muna mbeadh gur chuireas id' cheann é.
Ghaibh an dochtúir a bhuidheachas le Connie agus d'imthigh sé leis abhaile.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann