School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 403
  3. XML “An Fear agus an Phéist”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall a caogadh bliadhain ó shoin bhí fear darb' ainm do Pádruig Ua Liatháin 'na chómhnuidhe i gCill na Martara. Feirmeoir saidhbhir ab'eadh é. Ní théigheadh sé go dtí an faoisdin ach go h-annamh.
    Buaileadh breóite é. Bhí sé go h-olc agus chuireadar fios ar an ndochtúir, Tar-éis é a chur fé scrúdú dubhairt an doctúir go raibh sé i mbaoghal bháis agus fios a chur ar an sagart.
    Tháinig an sagart. Chuaidh sé isteach sa seomra 'na raibh an fhear breoidhte. D'innis an fear a pheacaí dho. Nuair a bhíodar innste aige tháinig piast amach ar a theanga agus thuit ar na h-éadaighe, tháinig an tarna ceann agus thuit amach leis.
    Tháinig an tríomhadh ceann amach ach do chuaidh sé thar n-ais airís. Bhí iongnadh agus eagla ar a mhuinntir féin agus ar na daoine go léir.
    D'fhiafhruighdear de'n sagart cadé an brígh abhí leis agus dubhairt sé gurb' amhlaidh a cheil sé peaca air féin agus gur'bé sin an piast a chuaidh thar-n-ais.
    Chuir sé d'iachaibh ar an bhfear an peaca sin d'innsint agus d'innis sé é agus fuair sé bás in grásta Dé.
    Nuair abhí an peacha sin innste aige de'n sagart tháinig an piast amach ar a theanga agus thuit sé ar an leabaidh agus d'imthigh sé as a radharc ansan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúileabháin
    Gender
    Female