Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 040
- XML “Galair, Aicidí agus Seanleigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Craos-Galar. - Seo leigheas d'on craosgalar. Gé do chuir isteach agus gan aon bhlúire bídh do thabhairt di, agus maidin áirithe píosa córda a chuir mór thímpal a goib agus é do shátadh isteach i mbéal an duine breóite go dtí go leigeadh an té a h-anál amach.Leónad
Seo rud a deintear anois dá leónadh duine a chos; téighean an duine sin agus coimeádann sé an chos fé shruthán i n-áit na mbeadh an sruthán ag tuirim le fánig carraige.Truich
Deireann na sean daoine go bhfuil leigheas i ngach rud a dearfadh an marcach a bhíonn ag marcuigeacht ar chapall bán d'on truich.Uscóid
Dá gcuireadh duine an Billeóigín Cúaiche suas leis an uscóid deirtear go bhfuil sé go h-ana mhaith cun an ucóid do bhriseadh.Faithne
Dhá mbeadh faithne ort, deirtear dá bhfaighfá tobairín ar chairrig i n-áit ná mbeadh súil agus é fhághail is dá níghefá an faithne leis an uisge go mbainfeá iad go léir díot.Craobh-Adhbhar Duig
Fáine óir do chuimilt leis an Craobh Adbhar Dorn d'on t-súig atá díreach san áit a mbuaileann an chroch an simné do mheascadh le uisge agus é d'ól(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Donnabhain
- Inscne
- Fireann